European Economic
and Social Committee
Partnerships
Más amhlaidh gur...
- eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta thú
nó
- Institiúid AE atá ag obair i gcomhar le heagraíocht de chuid na sochaí sibhialta
Agus go bhfuil imeacht á eagrú agat...
- a bhaineann le hobair Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
- a bhaineann le beartais an Aontais Eorpaigh
- a bhaineann go dlúth le saincheisteanna na sochaí sibhialta
...is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chomhpháirtíocht le CESE.
Conas sin a dhéanamh:
- Léigh an "Nós imeachta céim-ar-chéim" go cáiréiseach agus déan deimhin de go gcomhlíonann tú na coinníollacha uile thuasluaite.
- Comhlánaigh agus cuir isteach an fhoirm ar líne.
- Scrúdófar d'iarraidh agus cuirfear an cinneadh a dhéanfar in iúl duit.
- Má tá tuilleadh ceisteanna agat, cuir ríomhphost chuig: partnerships@eesc.europa.eu
SÉANADH
Féadfar an t-údarú a tharraingt siar tráth ar bith ar chúiseanna sábháilteachta nó mar gheall ar mhainneachtain cloí leis na Treoirlínte, agus ní bheidh na heagraithe i dteideal aon chúiteamh a éileamh.
Oibleagáidí na n-eagraithe:
- an fhoirm a chomhlánú agus glacadh leis na coinníollacha uile a bhaineann le comhpháirtíocht a eagrú
- an fhaisnéis agus na doiciméid go léir a iarradh a sholáthar laistigh de na spriocdhátaí a luaitear sa "Nós imeachta céim-ar-chéim"
- gealltanas a thabhairt go sainráite gan aon táillí clárúcháin a ghearradh le haghaidh imeachtaí arna reáchtáil ar áitreabh CESE
- cloí le huaireanta oibre CESE (9 a.m.-5.30 p.m.) agus leis an sos lóin (1.5 uair an chloig ar a laghad) agus imeacht á phleanáil acu
- lógó CESE a úsáid i ngach ceann de na doiciméid, meirgí agus suaitheantais rochtana a bhaineann leis an imeacht
- nós imeachta clárúcháin cuimsitheach a chinntiú ar lá an imeachta (doiciméid aitheantais a sheiceáil i gcoinne liosta na gcártaí aitheantais roimh eisiúint an tsuaitheantais)
- aon socruithe faoi ghrafaicí agus meirgí a chinntiú
- deimhin a dhéanamh de go bhfágfar an seomra tar éis an chruinnithe sa riocht céanna ina bhfuarthas é
- tuarascáil faoin imeacht a chur chuig CESE
Socruithe praiticiúla
- ionad: seomraí cruinnithe – áit ann do suas le 180 duine
- saoráidí teicniúla: ríomhaire pearsanta, teilgeoir, taifeadadh fuaime/físe, bothanna ateangaireachta etc.
Ní chuirfidh CESE na nithe seo a leanas ar fáil:
- ateangaireacht
- lónadóireacht
- tacais taispeántais agus suaitheantais
- stóráil de chineál ar bith
- grafaicí
- nós imeachta clárúcháin
Downloads
-
Guidelines for organising events in partnership with the EESC