Iontaise bheo
Cuma
Saghas planda nó ainmhí a mhair go dtí an aois seo gan athruithe ar fiú trácht orthu thar thréimhse an-fhada ama, agus an chuid is mó dá thréithe díreach cosúil le horgánaigh atá ar chaoi eile imithe i léig, le fáil mar iontaisí amháin. Mar shampla, thángthas ar an gcéalacant sa bhfarraige amach ó dheisceart na hAfraice i 1939, sliocht grúpa a mheastaí roimhe sin a bheith imithe i léig, a raibh eolas orthu ó fhianaise na n-iontaisí.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iontaise bheo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |