Cuibhreann (garraíodóireacht)
Is éard is cuibhreann ann (Gaeilge na hAlban: cuibhreann. fir. gin. -rinn, iol. -an) ná ceapach [1] thalún a chuirtear ar fáil do gharraíodóireacht aonair, neamhthráchtála nó do phlandaí bia a fhás, agus mar sin cruthaítear gairdín cistine ar shiúl ó áit chónaithe an úsáideora. Cruthaítear ceapacha den sórt sin trí phíosa talún a fhoroinnt i gcúpla nó suas le cúpla céad dáileacht a shanntar do dhaoine aonair nó do theaghlaigh. Saothraítear dáileachtaí dá leithéid ina n-aonar, contrártha le cineálacha gairdíní pobail eile áit a mbíonn grúpa daoine ag tabhairt aire don limistéar ar fad le chéile. I dtíortha nach n-úsáideann an téarma "cuibhreann (gairdín)", féadfaidh "gairdín pobail" tagairt a dhéanamh do cheapacha gairdíní beaga aonair chomh maith le píosa mór amháin talún atá saothraithe le chéile ag grúpa daoine. Úsáidtear an téarma "gairdín an bhua" uaireanta freisin, go háirithe nuair a théann gairdín pobail siar go dtí an Chéad nó an Dara Cogadh Domhanda. [2]
Is gnách go n-oireann méid aonair na dáileachta do riachtanais an teaghlaigh, agus go minic cuimsíonn na ceapacha seid le haghaidh uirlisí agus foscaidh, agus uaireanta bothán le haghaidh lóistín séasúrach nó deireadh seachtaine. Is gnách go n-eagraítear garraíodóirí aonaracha i gcomhlachas cuibhrinn, a léasaíonn nó a dheonaítear an talamh ó úinéir a fhéadfaidh a bheith ina eintiteas poiblí, príobháideach nó eaglasta, agus a leagann síos de ghnáth nach n-úsáidtear an talamh ach amháin le haghaidh garraíodóireachta (.i., ag fás glasraí, torthaí. agus bláthanna), ach ní chun críocha buanchónaithe (de ghnáth ceanglaítear é seo de réir na ndlíthe criosúchán freisin). Bíonn ar na ngarraíodóirí táille bheag bhallraíochta a íoc leis an gcumann, agus caithfidh siad cloí leis an mbunreacht agus na fodhlíthe comhfhreagracha. Mar sin féin, tugann an bhallraíocht cearta daonlathacha áirithe dóibh.[3][4]
Feidhmeanna soch-chultúrtha agus eacnamaíocha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireann an Office International du Coin de Terre et des Jardins Familiaux, atá lonnaithe i Lucsamburg, ag déanamh ionadaíochta thar ceann thrí mhilliún garraíodóir cuibhrinn Eorpaigh ó 1926 i leith, síos ar fheidhmeanna soch-chultúrtha agus eacnamaíocha na ngairdíní cuibhrinn mar; 'ag tairiscint cháilíochtaí beatha feabhsaithe, caitheamh aimsire taitneamhach brabúsach, scíthe, agus teagmhála leis an dúlra.' Do leanaí, cuireann gairdíní áiteanna súgartha ar fáil agus chun foghlaim faoin dúlra, agus do dhaoine dífhostaithe, cruthaíonn siad an mothú go bhfuil rud éigin úsáideach a dhéanamh acu chomh maith le bia chomh maith le bia ar chostas íseal a tháirgeadh. Do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, cuireann gairdíní deis ar fáil bualadh le daoine, páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht le daoine atá ar aon intinn leo, agus taithí a fháil ar ghníomhaíochtaí cosúil le plandáil agus fómhar.[5]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cuibhrinn: Comhairle Cathrach na Gaillimhe.. [1][nasc briste go buan]
- Bainistíocht Cuibhreann: Comhairle Contae Fjine Gall.[2]
- “cuiḃreann” in Foclóir Gaeḋilge agus Béarla, Irish Texts Society, 1st ed., 1904, by Patrick S. Dinneen, page 207.[3]
Tagairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 'ceapach'; New English–Irish Dictionary.https://www.teanglann.ie/en/fgb/ceapach
- ↑ MacNair, E., 2002. The Garden City Handbook: How to Create and Protect Community Gardens in Greater Victoria. Polis Project on Ecological Governance. University of Victoria, Victoria BC, Canada.
- ↑ Drescher, A. W. (2001), "The German Allotment Gardens — a Model for Poverty Alleviation and Food Security in Southern African Cities?", Proceedings of the Sub-Regional Expert Meeting on Urban Horticulture, Stellenbosch, South Africa, January 15–19, 2001, FAO/University of Stellenbosch, arna gcartlann ón mbunleagan ar 2009-04-14, aisghafa 2009-03-13
- ↑ Drescher, A. W., Holmer, R. J. and D. L. Iaquinta 2006. "Urban Homegardens and Allotment Gardens for Sustainable Livelihoods: Management Strategies and Institutional Environments". In: Kumar, B. M. and Nair, P. K. (Eds) 2006. Tropical Homegardens: A Time-Tested Example of Agroforestry. Series: Advances in Agroforestry 3, Springer, New York.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".