iBet uBet web content aggregator. Adding the entire web to your favor.
iBet uBet web content aggregator. Adding the entire web to your favor.



Link to original content: https://ga.wikipedia.org/wiki/Ardchlár_na_Tibéide
Ardchlár na Tibéide - Vicipéid Jump to content

Ardchlár na Tibéide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachArdchlár na Tibéide
(zh) 青藏高原 Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálLimistéar geografach agus ardchlár Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinDaon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 33° N, 88° E / 33°N,88°E / 33; 88
Tréithe
Toisí1,000 (leithead) × 2,500 (fad) km
Achar2,500,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Ardchlár in iarthar is iardheisceart na Síne ar mheánairde 4,000 m. An t-ardchlár is airde ar Domhan: tugtar díon an Domhain air. 2.3 milliún km2 d'fhairsinge ann, teorannaithe ag sliabhraonta ar gach taobh, ina measc na Himiléithe ó dheas. Taobh istigh tá cuid mhaith sliabhraonta eile, abhantracha scoite, gleannta is locha. Éiríonn cuid mhaith d'aibhneacha ollmhóra oirthear, dheisceart is oirdheisceart na hÁise ann: an Iaing-tsí, an Abhainn Bhuí, an Mekong, an Abhainn Dhearg, an Thanlwin, an Irrawaddy, an Brahmaputra, an Ghainséis, an Iondúis, an Tarim. Is maith an deisceart chun feirmeoireachta mar tá an aeráid te tais ansin, ach bíonn an chuid eile clúdaithe le hoighear ar feadh 6 mhí den bhliain ar a laghad. Tá an t-ardchlár ag éirí níos airde de 10 mm gach bliain de bharr gluaiseacht na bplátaí teicteonacha, agus fo-dhuchtú phláta na hIndia faoi phláta na hÁise.[1]

Ardchlár na Tibéide
  1. Hussey, Matt (2011). "Ardchlár na Tibéide". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 47.