EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
likely. I a. 1 Dealraitheach, dócha. A likely story, scéal a bhfuil dealramh (na fírinne) air. F: That's a likely story! tá craiceann air sin mar scéal! sin scéal a bhfuil a thóin leis! It seems likely, baineann sé le dealramh. It is likely to rain, tá cuma báistí air. It is very likely to happen, tá gach aon dealramh air go dtarlóidh sé. It is not likely that he will come, ní móide dhó teacht; ní cosúil go dtiocfaidh sé. He is hardly likely to succeed, ní móide go n-éireoidh leis; is ar éigean a éireoidh leis. 2 Incident likely to lead to rupture, dóigh mhaith achrainn. This plan is most likely to succeed, is ar an scéim seo is dóichí rath a theacht. A likely spot to find s.o., áit a mbeifí ag súil le duine a bheith. The likeliest place for camping, an t-ionad is fóirsteanaí chun campála. The most likely candidates, na hiarrthóirí is fearr seans. 3 a A fine likely girl, cailín breá cumasach. b A likely young man, ógánach a bhfuil gealladh faoi. II ► likely, adv. De réir dealraimh. Most likely, very likely, de réir gach dealraimh; go ródhócha. As likely as not . . ., chomh dealraitheach lena athrach . . . He will succeed as likely as not, gach seans go n-éireoidh leis. P: Not likely! ná baol air!