iBet uBet web content aggregator. Adding the entire web to your favor.
iBet uBet web content aggregator. Adding the entire web to your favor.



Link to original content: http://ga.wikipedia.org/wiki/Tinbheal
Tinvaal - Vicipéid Jump to content

Tinvaal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tinbheal)
Bosca Sonraí EagraíochtaTinvaal
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálreachtas an dá sheomra Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinhttp://www.tynwald.org.im/
Suíomh geografach
  • Map

Is reachtas Oileán Mhanann (Ellan Vannin) é an Tinvaal, nó ní b'fhoirmiúla Ard-whaiyl Tinvaal (Gaeilge:Ard-Chúirt Tinvaal) nó Cúirt Tinvaal. Córas dhá sheomra atá ann, ar a dtugtar brainsí den Tinvaal: Yn Kiare as Feed (Teach na nEochracha) a toghadh go díreach agus Yn Choonceil Slattyssagh (An Chomhairle Reachtaíochta) a roghnaítear go hindíreach. Nuair a shuíonn an dá sheomra le chéile, tugtar "Ard-whaiyl Tinvaal" air.

Maítear gurb í an pharlaimint is faide ar domhan a thagann le chéile go leanúnach, cé go bhfuil tíortha eile ann a mhaíonn an rud céanna. Is cosúil gur sa bhliain 979 a tosaíodh í. Cé go ndearna muintir Mhanainn comóradh na mílaoise ar bhunú an Tinvaal sa bhliain 1979, deir daoine go raibh an Tinvaal ar bun níos luaithe fós.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]