Mac Giolla Phádraig
Ríthe oidhreachtúla na nOsraí i nÉirinn bás meánaoise na a ea clann Mhic Giolla Phádraig (Meán-Ghaeilge Meic Gilla Pátraic).
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear an t-ainm "Giolla Phádraig" sna hannála ag deireadh na 10ú haoise maidir le clann Uí Ímair as Port Láirge, agus is later found elsewhere.[1] Mar thoradh is dócha idirphósta, tharla sé gur glacadh an t-ainm ag rítheaghlach Dhál Birn na nOsraí, agus mar shloinne ag sliochtaigh Ghiolla Phádraig mhic Dhonnchadha a bhí i réim ón mbliain 976 go dtí 996.[2]
Molann roinnt scoláirí go raibh tionchar Lochlannach ar an ainm.[3]
Sa bhliain 1537, mar chuid den pholasaí géilleadh agus athbhronnadh i réimeas Anraí VIII, ghlac Brian Mac Giolla Phádraig, taoiseach Osraí Uachtaraigh, an sloinne as Béarla FitzPatrick. Feictear go leor dóibh siúd go suntasach i saol polaitiúil Éireannach agus Sasanach.[4][5]
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gilla Pátraic mac Donnchada, sinsear eapainmneach na fine; rí Osraí ón mbliain 976 go dtí 996.[6]
- Donnchad mac Gilla Pátraic mhic Dhonnchadha; rí Osraí ón mbliain 1003 go dtí 1039, agus rí Laighean ón mbliain 1033 go dtí 1039.
- Brian Mac Giolla Phádraig, file Éireannach (c. 1580 – c. 1652).
- Brian Mac Giolla Phádraig, 1d Barún Osraí Uachtaraigh (1485–1575).
- Barnaby Fitzpatrick, 2a Barún Osraí Uachtaraigh (c. 1535–1581)
- Florence Fitzpatrick, 3ú Barún Osraí Uachtaraigh (bás 1613)
- Teige Fitzpatrick, 4th Barún Osraí Uachtaraigh (bás 1627)
- Barnaby Fitzpatrick, 5ú Barún Osraí Uachtaraigh (bás c. 1638)
- Barnaby Fitzpatrick, 6ú Barún Osraí Uachtaraigh (bás c. 1666)
- Barnaby Fitzpatrick, 7ú Barún Osraí Uachtaraigh (bás 1696). Ar an 11ú Bealtaine 1691, eisreachtaíodh an barún agus forghéilleadh an bharúntacht.
- Richard FitzPatrick, 1d Barún Gabhráin (bás 9ú Meitheamh 1727), captaen cabhlaigh.[7]
- John FitzPatrick, 1d Iarla Osraí Uachtaraigh (1719–1758)
- John FitzPatrick, Tiarna Gowran, níos déanaí 2a Iarla Osraí Uachtaraigh (1745–1818)
- Richard FitzPatrick (24ú Eanáir 1748 – 25 Aibreán 1813)
- John FitzPatrick, 1d Barún Bhaile an Chaisleáin, PC (I) (23ú Meán Fómhair 1811 – 22 January 1883), aitheanta mar John Wilson go dtí 1842, polaiteoir Liobrálach Éireannach.
- Bernard FitzPatrick, 2a Barún Castletown KP CMG PC (I) (29ú Iúil 1849 – 29ú Bealtaine 1937), saighdiúir in arm na Sasanach, Coimeádach Teachta Parlaiminte agus Ceann deireanach aitheanta na Fine do chlann Mhic Giolla Phádraig.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Pátrúin na n-ealaíon agus ailtireacht ach go háirithe ba ea ríthe Mhic Giolla Phádraig agus feictear a dtionchar ar fud na nOsraí agus Osraí Uachtaraigh, san áireamh:
- Mainistir Sheireapúin i mBaile Mhic Andáin, Contae Chill Chainnigh
- Achadh Mhic Airt[8][9]
- Mainistir Achadh Bhó
- láimh le Ardeaglais Naomh Cainneach
- Gabhrán
- Gráinseach na Fearta gar do Bhaile Sheáin, Contae Chill Chainnigh
- Bealach an Ráithín, Co. Laoise[10]
- Caisleán an Bhealaigh Mhóir[11]
- Caisleán Chúlchoill
Annála agus ginealaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caomhnaítear ginealach tábhacht na nOsraí do Dhomhnall mac Donnchadha Mac Giolla Phádraig sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502. Rianaítear ann an chlann siar go dtí Óengus Osrithe, a mhair a mheastar sa chéad nó dara haois.[12][13] Téann an ginealach níos faide siar go dtí Naoi (agus chuig Ádhamh sa deireadh, is dócha), ach níl ann is léir ach bréagstair.
Feictear luath-ghinealach na nOsraí eile sa Leabhar Laighneach.[14]
Armas agus mana
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is so-aitheanta é an sailtír bhán ar machaire dubh ar gach armas Mhic Giolla Phádraig, i dteannta leis an suaitheantas leoin agus dragain. Ar barr na scéithe, bíonn de ghnáth nó torteaux dubha ar barr bán, nó "méadú na Fraince" le trí fleur-de-lis ar barr gorm, bronntanas ó Henri II do Bhrian Mac Giolla Phádraig, an dara barún, agus é ina ambasadóir ar sin Éadbhaird VI.
Ba é an mana as Laidin a raibh ag Mhic Giolla Phádraig ná Fortis sub Forte Fatiscet, "Géilleann an treis don treise" Ar Gaeilge, feictear "Ceart láidir abú"[15]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Fitzpatrick Clan Society
- The Fitzpatrick Guild of One-Name Study
- The Fitzpatrick – Mac Giolla Phádraig Clan Society
- Fitzpatrick Arms, Crests, Mottos and Supporters le Ronan Fitzpatrick
- Descendants of Bryan Fitzpatrick, Lord and First Baron of Upper Ossory
- Stepping into Kilkenny's History
- Jettisoning faith, culture and identity to serve the Crown, ar History Ireland
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Index of Names in Irish Annals: Gilla Pátraic / Giolla Phádraig".
- ↑ Annála Uladh, AU 996.2
- ↑ "THE NORSE IN OSSORY: THE NAMING OF GIOLLAPHADRAIG" .
- ↑ Index of Names in Irish Annals: Gilla Pátraic / Giolla Phádraig: http://medievalscotland.org/kmo/AnnalsIndex/Masculine/GiollaPhadraig.shtml
- ↑ D'Alton, John (1d Eanáir 1861). "Illustrations, Historical and Genealogical, of King James's Irish Army List, 1689: 2d Ed." (as en). J.R. Smith.
- ↑ "Kings of Osraige". Dáta rochtana: 9ú Aibreán 2016.
- ↑ Rigg 1889, p. 191.
- ↑ "AUGHAMACART, or AGHAMACART, a parish". Dáta rochtana: 9ú Aibreán 2016.
- ↑ Carrigan, William (1d Eanáir 1905). "The history and antiquities of the diocese of Ossory" (as en). Sealy, Bryers & Walker.
- ↑ "The Standing Stone: Ballagharahin, Tower House, Co. Laois.". Dáta rochtana: 9ú Aibreán 2016.
- ↑ "Welcome to Ballaghmore Castle". Dáta rochtana: 9ú Aibreán 2016.
- ↑ Rawlinson B 502 ar CELT
- ↑ Digital images of Rawlinson B502 folios from Oxford Bodleian Library: http://image.ox.ac.uk/show?collection=bodleian&manuscript=msrawlb502
- ↑ Ossorian Tribal Genealogies le Baldwin
- ↑ "Archived copy". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14ú Márta 2012. Dáta rochtana: 2014-11-01.