Joshua Lederberg
Cuma
Bitheolaí is géineolaí a rugadh i Montclair, New Jersey ab ea Joshua Lederberg (23 Bealtaine 1925 – 2 Feabhra 2008). Rinne sé obair ar ghéineolaíocht bhaictéar, ag léiriú gur modh gnéasach a bhíonn i gceist. Ba thús é seo leis an ngéinitic bhaictéarach. Sa bhliain 1958 in aois a 33 bliana bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le George Beadle is Edward Lawrie Tatum. Níos déanaí d'fhionn sé an próiseas a thug treoir don innealtóireacht ghéiniteach. Rinne sé taighde freisin ar an intleacht shaorga agus ar an gclár spáis do NASA.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Joshua Lederberg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 402.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |