Gaireas leictreonach chun fuaimeanna ceoil a ghiniúint is ea Sintéiseoir. Bíonn méarchlár amháin ar a laghad ceangailte leis agus callairí. Robert Moog (1934–2005) a cheap an chéad cheann sa bhliain 1964, ceann nach raibh in ann ach fuaim amháin a ghiniúint ag am ar bith. Ó 1975 tá saghsanna ilfónacha ar an margadh, in ann níos mó ná fuaim amháin a ghiniúint in éineacht. Faoi seo, tá saghsanna bunaithe ar ríomhairí atá níos cuimsithí fós.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.