An tAontas Eorpach agus a Bhallstáit
Bliain a bhunaithe: sé thír (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg) a bhunaigh é in 1951 tar éis an Dara Cogadh Domhanda.
Na Ballstáit atá ann faoi láthair: 27 thír.
Iarratasóirí ar bhallraíocht amach anseo: 9 dtír is iarrthóir ar bhallraíocht agus 1 thír is iarrthóir ionchasach ar bhallraíocht:
Socrú institiúideach: tá institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ar leith ag an Aontas a oibríonn ar mhaithe le leasanna coiteanna an Aontais agus mhuintir na hEorpa. Tá 7 n-institiúid Eorpacha, 8 gcomhlacht de chuid an Aontais agus os cionn 30 gníomhaireacht dhíláraithe ann ar fud an Aontais.
Toghcháin: Reáchtáiltear na toghcháin Eorpacha gach cúig bliana chun Feisirí nua de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh.
Daoine, achar agus teorainneacha oscailte
Daonra: níos mó ná 448 milliún áitritheoir, agus sin 5.6% de dhaonra an domhain.
Forbairt an daonra: measann saineolaithe go dtiocfaidh fás seasta ar dhaonra an Aontais go dtí an bhliain 2026, agus ina dhiaidh sin meastar go dtitfidh sé ar ais go 420 milliún faoi 2100.
Sochaithe ilchultúrtha: is neamhnáisiúnaigh iad thart ar 41 mhilliún cónaitheoir san Aontas. Is saoránaigh iad beagnach 14 mhilliún acu de Bhallstát eile nach é an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu. Is saoránaigh de thíortha nach den Aontas iad an chuid eile acu. Ar an meán, 3.1% de na daoine a bhfuil cónaí orthu i dtír den Aontas is as tír eile den Aontas dóibh, agus tá náisiúntacht tíre nach den Aontas í ag 6.1% díobh.
Achar an Aontais: 4 mhilliún km². Is ag an nGearmáin atá an daonra is mó san Aontas agus is í an Fhrainc an tír is mó san Aontas ó thaobh achair de. Is é Málta an tír is lú san Aontas ó thaobh áitritheoirí agus achar dromchla de araon.
Uirbiú: Tá cónaí ar 39% de dhaonra an Aontais i gcathair, 36% i mbailte agus i mbruachbhailte, agus 25% i gceantair thuaithe.
Teorainneacha oscailte: cuireann limistéar Schengen ar a gcumas do dhaoine gluaiseacht timpeall ann gan seiceálacha teorann ó bhí 1985 ann. Is é is bonn do phrionsabal an Aontais maidir leis an tsaorghluaiseacht, agus a bhuí leis sin is féidir le gach saoránach den Aontas taisteal, oibriú agus cónaí in aon tír den Aontas gan foirmiúlachtaí speisialta. Tá gach Ballstát den Aontas, seachas an Chipir agus Éire, ina bhall de limistéar Schengen. Is iad an Bhulgáir agus an Rómáin is déanaí a tháinig isteach i mí an Mhárta 2024. Tá 4 thír eile i limistéir Schengen nach den Aontas iad: an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.
Foinsí: Eurostat – sonraí 2023 le haghaidh daonra, meastachán daonra, achar dromchla, saoránacht an daonra, daonra an domhain, daonra uirbeach agus tuaithe, sonraí 2022 le haghaidh sciar den trádáil dhomhanda
An geilleagar, trádáil agus airgeadas rialtais
An margadh aonair: is mar mhargadh aonair a fheidhmíonn an tAontas Eorpach ina bhfuil na 27 mBallstát den Aontas agus, cé is moite d’eisceachtaí áirithe, 4 thír eile nach den Aontas iad. Fágann sé sin gur féidir le hearraí, seirbhísí, caipiteal agus daoine gluaiseacht gan bhac agus gan bacainní teicniúla, dlíthiúla ná maorlathacha.
Airgeadra aonair: Seoladh an euro in 1999 agus is é an t-airgeadra oifigiúil i 20 Ballstát den Aontas é. An limistéar euro a thugtar ar na tíortha sin le chéile. Tá an euro tar éis lánpháirtiú na hEorpa a chur chun cinn trína chur ar chumas daoine sa limistéar euro leas a bhaint as an margadh aonair. Easpórtálann an chuid is mó de thíortha an Aontais idir 50% agus 80% dá n-earraí chuig tíortha eile san Aontas.
Olltáirgeacht intíre: mar cheann de na geilleagair is mó ar domhan, €17 dtrilliún atá san OTI, is é sin luach iomlán na n-earraí agus na seirbhísí uile a tháirgtear san Aontas. Is ag an nGearmáin atá an sciar is mó, agus an Fhrainc agus an Iodáil ina diaidh. Seirbhísí atá i 72% d’OTI an Aontais, agus tionsclaíocht atá sa chuid eile ar fad nach mór.
Trádáil: is é an tAontas Eorpach an t-easpórtálaí is mó ar domhan d’earraí monaraithe agus de sheirbhísí. Is timpeall 14% den trádáil dhomhanda earraí a bhaineann leis.
Comhpháirtithe trádála: is iad na Stáit Aontaithe an ceann scríbe is mó le haghaidh easpórtálacha earraí ón Aontas, agus is í an tSín an áit tionscnaimh is mó le haghaidh iompórtálacha earraí. Is iad na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe príomh-chomhpháirtithe trádála an Aontais ó thaobh seirbhísí de.
Buiséad an Aontais: tá a bhuiséad féin ag an Aontas chun tosaíochtaí agus mórthionscadail an Aontais a mhaoiniú nach bhféadfadh formhór thíortha an Aontais a mhaoiniú astu féin, mar gheall ar mhéid an tionscadail nó ar a chineál trasteorann. Is ó 2021 go 2027 a mhairfidh an buiséad fadtéarmach reatha, ina bhfuil thart ar €2 thrilliún.
Fiachas: 3.5% den OTI atá san easnamh rialtais ghinearálta ar fud an Aontais. 82% den OTI atá san ollfhiachas comhdhlúite san Aontas, rud atá thíos ón mbuaicphointe 90% a bhí ann in 2020 le linn na paindéime. Is ag an nGréig, an Iodáil, an Fhrainc, an Spáinn agus an Bheilg atá an fiachas is airde, agus cóimheas fiachais leis an OTI os cionn 100% acu go léir. Is ag Lucsamburg, an Bhulgáir agus an Eastóin atá na cóimheasa is ísle.
Foinse: Eurostat – sonraí 2023 le haghaidh OTI, earnálacha, trádáil laistigh den Aontas, comhpháirtithe trádála i gcomhair earraí, comhpháirtithe trádála i gcomhair seirbhísí, easnamh rialtais, ollfhiachas comhdhlúite, sonraí 2022 le haghaidh sciar den trádáil dhomhanda
Fuinneamh agus an aeráid
Spriocanna aeráide: Tá an tAontas ar a bhealach chun bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan faoi 2050. Tá sé ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus ó thaobh ghlasú a gheilleagair de. Tá sé tiomanta glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990.
Astaíochtaí: le deich mbliana anuas, tháinig laghdú 26% ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó gheilleagar an Aontais in aghaidh an duine fhostaithe.
Breoslaí iontaise: Tá 70% den fhuinneamh ar fad san Aontas fós á tháirgeadh as gual, ola agus gás. Faoi láthair iompórtálann an tAontas 63% dá chuid breoslaí ó thíortha eile, agus tá sé ag obair chun laghdú a dhéanamh ar a spleáchas ar thíortha eile le haghaidh iompórtálacha breosla.
Fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite: Is as foinsí in-athnuaite a thagann 23% den fhuinneamh a úsáidtear san Aontas cheana féin, agus tá an sciar sin ag méadú i gcónaí. Is iad na foinsí fuinnimh in-athnuaite an phríomhfhoinse chun leictreachas a ghiniúint anois. Tá an tSualainn ar thús cadhnaíochta i measc thíortha an Aontais; is ó fhoinsí in-athnuaite a thagann beagnach dhá thrian den fhuinneamh a úsáidtear inti. Tá an Fhionlainn, an Laitvia agus an Danmhairg ina diaidh óna thaobh sin de. Is ag Éirinn, Málta, an Bheilg agus Lucsamburg atá na sciartha is ísle d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite.
Foinse: Eurostat – sonraí 2022 le haghaidh breoslaí iontaise, fuinnimh, fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, spleáchas fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa
Cáilíocht saoil, poist agus comhionannas
Ionchas saoil: beagnach 79 mbliana do na fir, 84 bliana do na mná.
Sláinte: deir 68% de na daoine atá ina gcónaí san Aontas agus atá 16 bliana d’aois nó níos sine go mbraitheann siad go bhfuil sláinte mhaith nó sláinte an-mhaith acu.
Athrú déimeagrafach: táthar ag tabhairt faoi deara go bhfuil aosú daonra ann in go leor áiteanna den Eoraip le blianta beaga anuas. Beidh impleachtaí tromchúiseacha aige sin ar chistí pinsin, ar ioncam rialtais agus ar sholáthar seirbhísí amhail cúram sláinte agus cúram sóisialta. Thit an líon daoine in aois oibre san Aontas i gcoibhneas leis an líon daoine scothaosta ó 3.8 in 2002 go 2.8 faoi 2022. Leanfaidh an cóimheas sin de bheith ag laghdú leis.
Ráta dífhostaíochta: 6.1%. Tá níos mó ná a dhá oiread daoine óga idir 15-24 bliana d’aois dífhostaithe (14.5%).
Fostóirí: is í an earnáil seirbhísí go mór fada an fostóir is mó san Aontas, a bhfuil sciar 74% aici. Tá an chuid eile den lucht saothair scaipthe idir na hearnálacha tionsclaíochta, tógála, talmhaíochta, foraoiseachta agus iascaigh.
Comhionannas inscne: cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aontas maidir leis an gcomhionannas inscne le blianta fada anuas, ar an meán saothraíonn na mná 12.7% níos lú ná na fir go fóill. Is iondúil go mbíonn poist níos airde ag na fir ná na mná. Mar shampla, is mná iad beagán níos mó ná aon trian (35%) de na bainisteoirí san Aontas. Is lú líon na mbainisteoirí ar mná iad ná 50% in aon tír san Aontas, ach tá an líon níos airde ná 40% sa Laitvia, sa Pholainn, sa tSualainn, sa Bhulgáir agus san Fhionlainn. Is ag an gCipir, Lucsamburg agus an Chróit atá an líon is lú bainisteoirí ar mná iad.
Boilsciú: 6.4% (in 2023). Tá méadú mór tagtha ar phraghsanna bia, deochanna agus alcóil le blianta beaga anuas. Tar éis ardú tobann in 2022 agus 2023, tá laghdú suntasach tagtha anois ar chostas iompair, tithíochta, uisce, leictreachais, gáis agus breoslaí eile.
Riosca bochtaineachta: Tá 94.6 milliún duine san Aontas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Tá os cionn duine as gach cúigear Eorpach i dteaghlach ina bhfuil leanaí cleithiúnacha i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Ina theannta sin, rachadh costas airgeadais gan choinne sa mhuileann ar 31% de na hEorpaigh i dteaghlaigh phríobháideacha. Is sa Rómáin agus sa Bhulgáir atá an riosca bochtaineachta is airde, agus an riosca is ísle sa tSeicia agus sa tSlóivéin.
Foinse: Eurostat – sonraí 2023 le haghaidh ionchas saoil, dearcadh sláinte, cóimheas seanaoise agus cleithiúnais, na dífhostaíochta,earnálacha fostaíochta, na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, teaghlach a bhfuil costas airgeadais gan choinne roimhe, an bhoilscithe, boilsciú de réir catagóire, bearna phá idir na hinscní, bainisteoirí, sonraí 2022 le haghaidh tomhaltas in aghaidh an teaghlaigh
An t-oideachas, teangacha agus an turasóireacht
Cultúr agus an t-ilteangachas: tá éagsúlacht shaibhir chultúrtha agus teanga ag an Aontas. Is cuid bhunúsach d’oidhreacht chultúrtha an Aontais iad na teangacha a labhraítear i dtíortha an Aontais. Sin an fáth a dtacaíonn an tAontas leis an ilteangachas agus a bhfuil 24 theanga oifigiúla ann.
Foghlaim teangacha: ar scoil spreagtar daltaí le teangacha nua a fhoghlaim agus iad óg. Spreagann sin teagmháil le daoine thar theorainneacha agus is fusa staidéar a dhéanamh thar lear dá bharr. Déanann 49% de na daltaí meánscoile uachtaraí san Aontas staidéar ar dhá theanga eachtracha nó níos mó.
Céimithe ollscoile: breis agus 4 mhilliún céimí gach bliain. Is iad seo a leanas na réimsí staidéir is mó a dtugtar fúthu: gnó, riarachán agus dlí; innealtóireacht, monaraíocht agus foirgníocht; agus sláinte agus folláine.
Malartuithe mac léinn: ó 1987 i leith, is trí chlár Erasmus+ a eagraítear malartuithe mac léinn san Aontas. Sa chéad bhliain den chlár, ghlac 3,200 mac léinn ó 11 thír Eorpacha páirt ann. Ó shin i leith, a bhuí le Erasmus+ bhí 15 mhilliún duine in ann cónaí agus staidéar a dhéanamh i 34 thír san Aontas agus níos faide i gcéin.
Turasóireacht: is é an tAontas Eorpach an ceann scríbe turasóireachta is mó ar domhan, a dtugann 60% de chuairteoirí idirnáisiúnta an domhain cuairt air. Tá an Ghearmáin, an Iodáil, an Fhrainc agus an Spáinn i measc na gceann scríbe is mó cuairt ar domhan; caitheann turasóirí os cionn 430 milliún oíche gach bliain i ngach ceann de na ceithre thír sin. Déanann cónaitheoirí den Aontas beagnach 1.1 billiún turas turasóireachta in aghaidh na bliana chun críoch pearsanta nó gnó, bíodh sé laistigh dá dtír féin nó chuig tír eile san Aontas. Éascaítear an tsaorghluaiseacht sin le teorainneacha oscailte an Aontais.
Foinse: Eurostat – sonraí 2023 le haghaidh daltaí agus na teangacha a ndéanann siad staidéar orthu, céimithe ollscoile, réimsí staidéir ollscoile, oícheanta turasóireachta, na turasóireachta, turais a dhéanann na hEorpaigh, sonraí 2022 le haghaidh staidéar a dhéanamh thar lear